Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Leathanach 301
- XML “Scoil Uamh Bréanainn - An Scoil Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tógadh an scoil seo sa bhliain 1868. B'é an t-athair Tadhg O Brosnacháin an chéad bhainisteóir. Is cuimhin lé'n a lán daoine annso an bhliadhain in ar tógadh í. Dubhairt Muiris O Conaill liom go raibh sé féin agus buachaillí eile ó'n gCoill Mhóir (Cill) agdul, roimis seo, go dtí scoil bheag eile mar a bhfuil tig cómhnuidhthe an Dorchánaigh anois. Tá tigh an duine sin timcheall ceathramhadh míle ar an dtaobh thuaidh d'ár scoil-ne. Deirtí go mbíodh fál-scoil nó scoil mhóta san áit sin - nuair ná raibh cead ag Caitiliceach aon scoil a thinnreamh acht amháin scoil phrotastúnach.Dhá scoil ceangailte dá chéile a bhí innte ar dtúis - scoil igcóir chailíní agus scoil eile igcóir bhuachaillí. Do measacadh an dá scoil i Mí an Abráin 1929 - (mar gheall ar laghdú tinnrimh i socil na gcailíní)Níor deineadh aon athrú ar fallaí na scoile ó'n lá a tógadh í.Tá innte fós:- dhá sheómra, dha phóirse, dhá theinteán agus an uimhir déidhe (ad Infinitum) de gach rud eile.B'é an chéad mhúinteóir a bhí innte na(leanann ar an chéad leathanach eile)