School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Location:
- Tonreagh Lower, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Page 301
- XML “Scoil Uamh Bréanainn - An Scoil Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tógadh an scoil seo sa bhliain 1868. B'é an t-athair Tadhg O Brosnacháin an chéad bhainisteóir. Is cuimhin lé'n a lán daoine annso an bhliadhain in ar tógadh í. Dubhairt Muiris O Conaill liom go raibh sé féin agus buachaillí eile ó'n gCoill Mhóir (Cill) agdul, roimis seo, go dtí scoil bheag eile mar a bhfuil tig cómhnuidhthe an Dorchánaigh anois. Tá tigh an duine sin timcheall ceathramhadh míle ar an dtaobh thuaidh d'ár scoil-ne. Deirtí go mbíodh fál-scoil nó scoil mhóta san áit sin - nuair ná raibh cead ag Caitiliceach aon scoil a thinnreamh acht amháin scoil phrotastúnach.Dhá scoil ceangailte dá chéile a bhí innte ar dtúis - scoil igcóir chailíní agus scoil eile igcóir bhuachaillí. Do measacadh an dá scoil i Mí an Abráin 1929 - (mar gheall ar laghdú tinnrimh i socil na gcailíní)Níor deineadh aon athrú ar fallaí na scoile ó'n lá a tógadh í.Tá innte fós:- dhá sheómra, dha phóirse, dhá theinteán agus an uimhir déidhe (ad Infinitum) de gach rud eile.B'é an chéad mhúinteóir a bhí innte na(continues on next page)