School: Killorglin (B.) (roll number 12832)

Location:
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Teacher:
Ml Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0434, Page 305

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0434, Page 305

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Killorglin (B.)
  2. XML Page 305
  3. XML “Aodh Mionán (Nó Beanán)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    i h-alla an rinnce agus é go mustarach brodamhail, nidh nach iongnadh agus bheidhlín chomh ceolmhar san bheith aige. Chuaidh i n-áirde ar árdán de shaghas éigin, árdán fé leith, tá 's agat i gcomhar an cheóltóra a bhí ann agus Aodh Beannán féin 'na shuidhe ar chathaoir áluinn tamaillín níos áirde ná san agus é chomh h-uaibhreach, chomh sásta leis féin is dá mbeadh sé 'na Righ críochnuighthe.
    Tháinig na h-uaisle amach ar an urlár, gach fear acu agus a comrádaithe óg áluinn 'na theannta agus súil géar ag gach aoinne acu bheith ag tosnughadh ar "Fallaí Luimnighe," nó "Tonnta Toraí" do dhéanamh, mar ba mhaith an sás chuige iad an uair sin. Do chaith Aodh a shúil ar an gcuideachtain. Thug sé fé ndear gach aon nidh do bheith ullamh agus i gcóir. Do bhuail sé cluigín a bhí aige mar comhartha do'n cheoltóir. Do chuir seisean a bhogha le sreang an bheidhlín, do bhain sé cúpla nóta as agus annsan do thosnuigh sé ag seinm i ndairiríbh. Má thosnuigh, ámhthach, níor thosnuigh na rinnceóirí cos. Is amhlaidh do chuireadar cluas géar ortha féin. D'fhéucas ar a chéile le neart iongnadh is alltacht. Do leigeadar osnaí asta agus ní h-iongnadh san mar is é an ceól a tháinig chun a gcluasa ó'n bheidhlín ná:
    Aodh Beanán is adharca air.
    Is adharca ar Aodh Beanán.
    Séamus Ó Cathalain, An Roinn, Cill Fhorglan a thug dom a scéul sp. Bhí sé timcheall 75 bl. d'aois. Do cailleadh é cúpla bl. ó shoin.
    M. Ó Donnchadha (Príomh Oide) Cill Fhorglan, a bhailigh é .
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Folktales index
    AT0782: Midas and the Ass's Ears
    Language
    Irish
    Collector
    M. Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Cill Orglan, Co. Chiarraí
    Informant
    Séamus Ó Cathalain
    Gender
    Male
    Age
    c. 75
    Address
    An Rinn, Co. Chiarraí