Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)

Suíomh:
Killorglin, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 303

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Killorglin (B.)
  2. XML Leathanach 303
  3. XML “Aodh Mionán (Nó Beanán)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aodh Mionán (nó Beanán)
    (Nóta: Thug an scéulaidhe an dá ainm air)
    Bhí fear 'na chomhnuidhe thoir annso i gCill Fhorglan sa chaisleán fad ó agus Aodh Mionán (nó Bhanán) Ó Muircheartaigh a b'ainm do agus deirtear go raibh dhá adhairc bheaga ag fás ar a éudan. Ní raibh fhios ag aoinne, ámh go rabhadar air mar do leigeadh sé dá chuid gruaige d'fhás go fada. Ní baintí í ach uair sa bhliadhan, agus an bearbóir a bhaineadh í, do cuirtí chun bás é ar eagla go 'neósfadh sé an scéul do dhaoinibh eile agus gurbh éigin d'Aodh gan bheith 'na thaoiseach a thuille.
    Uair amháin is é mac baintrighe a toghadh chun na gruaige do bhaint d'Aodh agus nuair a chuala an bhaintreach an droch scéul, d'imthigh sí ag triall ar Aodh agus d'iarr sí air gan a h-aon mhac do chur chun báis in ao' chor, agus d'eirigh léi geall fhaghailt uaidh na deinfidhe aon nidh dá mac ach go gcaithfeadh sé an rún do choimeád do féin.
    Tháinig lá na bainise agus thug an bearbóir bocht cuaird ar an gcaisleán agus úrlaisí a cheirde 'na ghlaic aige. Do dhein sé a chuid oibre go slachtmhar fé mar ba ghnathach leis agus chuaidh sé abhaile arís, ach ó'n lá san amach bhí sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Innéacs seanscéalta
    AT0782: Midas and the Ass's Ears
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    M. Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Killorglin, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Cathalain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 75
    Seoladh
    Reen, Co. Kerry