School: Killorglin (B.) (roll number 12832)

Location:
Killorglin, Co. Kerry
Teacher:
Ml Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0434, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0434, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Killorglin (B.)
  2. XML Page 304
  3. XML “Aodh Mionán (Nó Beanán)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag dul as. Do dhein a mháthair a raibh 'na cumas do ach ní raibh aon mhaith ann. Sa deire do chuir sí iachall air dul chun comhairle do ghlacadh ó Fhear Feasa a bhí sa chomharsanacht, agus is í an comhairle a fuair sí uaidh ná dul amach sa choill go luath ar maidin agus an rún d'innsint do chrann fé leith a bhí ann. Do dhein an bearbhóir mar a dubhairt leis agus ón lá san amach bhí sé ag dul i bhfeabhas.
    Tamall gearaid 'na dhiaidh sin do tionóladh céilidhe agus sumsa sa chaisleán. Bhí na h-uaisle idir fearaibh is mnáibh as gach áird sa cheanntar ann. Tamall gearuid roimhe sin an gléus ceóil a bhí ag duine de cheóltóirí an taoisigh do briseadh é, agus b'éigin do ceann nuadh d'fhaghailt i gcomhar an fhéasta. Seadh, má'seadh do chuaidh an siúinéir amach sa choill a bhí in aice an chaisleán agus a thuadh 'na láimh aige. Do phioc sé amach an crann b'oireamhnaighe fé mar a cheap sé, ach ar adhmharaighe an domhain cad é an crann a chuirfeadh súil air ná an chéudna gur innis an bearbóir an rún doimhin dó, i gan fhios d'aoinne marbh nó beó. Do bhain sé giota breágh deas adhmaid de'n chrann so agus thug isteach leis é. Do chuir sé chuige, is má dhein, ba ghearr an mhoill air gléus ceóil nuadh chomh deas, chomh greanta is dá bhfeaca súil riamh. Thug sé do'n cheoltóir é agus ní misde a rádh gur phreab croidhe an cheolthóra féinig sin le neart áthais agus suilt. D'imthigh sé isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Folktales index
    AT0782: Midas and the Ass's Ears
    Language
    Irish
    Collector
    M. Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Killorglin, Co. Kerry
    Informant
    Séamus Ó Cathalain
    Gender
    Male
    Age
    c. 75
    Address
    Reen, Co. Kerry