School: Killorglin (B.) (roll number 12832)
- Location:
- Killorglin, Co. Kerry
- Teacher: Ml Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal ag baint le "Bóthar na Lochlannach."Bhí baintreabhach de Mhuinntir Mathgamhna ina cómhnuidhe 'sa Roinn in aice le Cill-Fhorglan uair. Bhí triúr leanbhaí breóite aice agus gan de leabha fútha ach soipín tuighe ag binn a' tighe. Ní raibh aon fheabhas ag teacht ortha ach iad bheith ag dul in olcas in aghaidh a' lae. Fallaí feidín a bjí 'sa bhothán a bhí aice. Tháinig bean siubhal an treó lá ag iarradh déirce agus thug an bhaintreabhach a leath dá raibh aice. D'innis sí an sgéal brónach do'n mhnaoi déirce, ac' ní raibh aon iongnadh uirthe seo mar dortadh a lán fola 'sa bhall chéadna uair nuair a marbhuigheadh a lán de's na Danair ag Muinntir Mhuircheartaigh agus iad ag dul do'n leamhain thar "Bóthar na Lochlannach." Bh an cúinne so de'n tigh i lár an bhóthair sin. D'athruigh sí na leanbhaí as an áit go dtí beann eile a' tighe agus níor b'fhada go rabhadar chomh slán is a bhíodar riamh.
- Collector
- Caitlín Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 17
- Address
- Lough Caragh, Co. Kerry
- Informant
- Micheál Ó Donnchadha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Lough Caragh, Co. Kerry