School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)de réir sean sgéalta do bí an chloch seo ag na ríghthe págánacha ar fad, thugaidís adhradh dho mar Dhia págánach.Do bhí bó ag Naomh breandán agus sé an ainm a bhí uirithe ná an ghlas ghaibhneach. bó ana longantach ar fadh do beadh í. Bhí sé na cumas aon árús a líonadh le bainne, nuair a crúdtí í. Ach ní hamlaidh a crúidtí an bó seo ar aon chor ach is amhlaidh leigeadh sí féin an bainne isteach ins an áit a dheineadh sí í féin a chrú. Sé an t-ainm atá ar an arús seo ná na beistí.Tá dhá cheann deag de phoill deanta in aon charnaig amháin agus gach ceann aca deanta i bhfuirm beiste. Do bhí cáil ar an mbó seo ar fuaidh diúthcháige agus chualaidh seana-chailleach de mhnaoi a bhí tuairim dacadh míle ó bhaile tracht ar an mbó seo agus dúbhairt sí go mbeadh triaill aice féin uirthe. Tháinig sí lá agus thug sí léite criathar. Do thosnuig sí ar an mbó a chrú isteach sa chriathar. Ní raibh aon taithighe ag an mbó seo ar aoinne a(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Gender
- Male
- Informant
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65