Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sagart an t-uisge nuair a nígheach sé a lámha aimsir aifrinn. Tá bró ann na ndeinidís an chruithneacht do mheilt sa tsean aimsir.Tá fuinneóg ar an dtaobh thuaidh de'n dteampall ar a dtugtar cró na snáithide. Tá sé i mbeal na ndaoine le blianta ná feadfadh aon droch peacha dul tríd an bhfuinneóig seo. Dá bhrí sin bhíonn eagla air na daoine reamhra dul inaice leis inaon cor. Tá ceann duine i bhfuirm cloiche ar thaobh amháin de'n bhfuinneóig agus ceann madra air an dtaobh eile. Deirtear gur naomh an duine agus gur bé an madra an drabhal a bhíonn ag faire ar na daoine na feadfadh dul tré chró ná snáithide.Tá sean umar ann na mbíodh an t-uisge cois reacan.Tá cloch eile ann ó aimsir ná bpágánach. Tá a lán ciorcialí agus comairí eile marcálta air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65