School: Smerwick (B.)

Location:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Teacher:
Dd. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 656

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 656

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Smerwick (B.)
  2. XML Page 656
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mo anród agus cruadhtan a rug ar na daoine bochta fadó. Aon oidhche amháin chuaidh crú ó Bhaile na nGall ag iascach, bheirt de mhuintir Conchubhair agus duine de mhuintir Gromaill o'n Mhuirbhig. Amach sa oidhche d'éirigh stoirm agus do bátad lucht na naomoíge sin.
    Timcheall le trí fichead blian ó shoin do briseadh artach i gCuas na Ceannairí. Do caithead an ártach agus gach a raibh inntí isteach i measc na gcarraigeacha. Bhí faill os a gcionn a bhí ceithre mhíle troighe ar aoirde. Bhí ceathar máiréalaig san artach agus thosnuigh duine aca ag drapadhóireacht suas tríd an bhfaill agus ní geobhaid cat ins an áit a ghaibh sé.
    Tháinig sé go dtí cúpla tigh i bparóiste Murach ach ní tuighaidís cad a bhíod sé ag rádh. Bhíodh sé ag deanamh cómhartaí agus ag sínead a mhéir i dtreó na faille ins an áit a fhágh sé na fearaibh eile na diaidh. Is gearr go raibh muintir an pharóiste go léir bailighthe timceall air agus chuadhar i n-aonacht leis go dtí an bhfaill agus is amlaidh a bhí ceathar fear shíos fé bun na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Dómhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí
    Informant
    Siobhán Ní Dómhnaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí