Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 616

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 616

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 616
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon oidhche amháin bhí fear ó Bhaile na nGall ag teacht ón nDaingean. Oidhche fuar cruaidh ba eadh é agus leis sin do bhí sé ag crith leis an bfuacht. Ní fada gur stad an capall mar cuireadh eagla eigin air. Ní fada gur léim chuige isteach ins cáirt beirt bhan a bhí co trom le tonna. D'imthigh an capall leis, agus ní fada gur thuit sé amach ar a cheann.
    Do léim an bheirt bhan amach agus seo leis an capall nó go dtáinig sé chómh fada leis an Séipéal Gallda ata anaice leis an gClacán Dubh. Do chonnaic sé an cat mór dubh anáirde ar an gclaídhe. Do rith an cat go dtí an dtaobh eile do'n mbóthar agus chuaidh an cairt ar an gclaídhe agus d'iompaigheadh an capall agus an cairt anuas ar a céille. Do ghortaígheadh an fear ana mhor agus is ar éigean a bhain sé an tig amach leis na clocha a bhí á caitheamh air amach tar an gclaídhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Eóin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Eóin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí