Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 455

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(1)
Mo chómhairle dhuit a mhic,
A leómhain de shíol Airt,
Ná tabhair breith ar an gcead sceal,
Go mbeiridh an taobh eile ort.
(2)
Ná bí cruaidh is ná bí bog,
Is ná tréig do charad fád chuid,
A mhic mo chroídhe ná n-adhain troid,
Is ná teibhig más éigean duit.
(3)
Ná bí sílteach i dtig an óil,
Ná cuir aithneas ar sheanóir,
Ná h-abair ach an nídh cóir,
Le duine do bheadh dearóil.
(4)
Ar t-eiríghe amach féin sráid,
Ná dean fanóid fé dhuine bhocht,
Ná mol agus ná dí mhol daoí,
Mar ná fuil saoí gan locht.
(5)

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Cathalláin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Siobhán Bean Uí Chathalláin
Inscne
baineann
Aois
45
Seoladh
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge