Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 454

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 454

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 454
  3. XML “Paidir in Am Cogaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Paidir i n-am cogaidh.
    (1)
    A Dhia na ngrásta, id' láthair,
    San árus na mbír,
    Tiochfaidh ógánaig amáireach,
    Ó pháirc ghrándha na bpian,
    Ná h-áirimh an dubh áireamh,
    Na gcoinne tá agat a Dhia,
    Ach slánuig a gcneádha dhóibh,
    As ucht na dtáirní bhí id' thaoibh.
    (2)
    A Mhuire Mháthair atá anáirde,
    Ar lámh dheis an Ríogh,
    Bí id' mháthair dóibh amáireach,
    Tar mháithreacha an t-saoighil,
    Idir namhaid dóibh is cáirde,
    Iarr grásta dhóibh a Dhia,
    Ós ó mháithreacha a thángadar,
    Mar tháinig uait Críost.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Cathalláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Ui Chathalláin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí