School: Smerwick (B.)

Location:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Teacher:
Dd. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 605

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 605

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Smerwick (B.)
  2. XML Page 605
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí sagart i bparóisde Múrach fadó agus aon lá amháin chúaidh sé suas go dtí barra cnoc Breanainn atá ar an dtaobh thiar de Chorca Dhuíbhne. Nuair a bhí sé thuas i mbarra an chnuic tháinig ceó agus do bhí an sagart ag teacht abaile aríst.Chuaidh se amú sa ceó agus i gcionn tamaill thuit an oídhche.
    Do chonnaic an sagart solus beag tamall mhaith uaidh agus chuaidh sé fé dhéin an t-soluis. Annsan chonnaic se gur tig a bhí ann. Bhuail sé cnag ar an ndoras agus chuaidh sé isteach. Cad a bheadh istigh ná ministir ag ithe a shuipéar agus cat ag coimeád na coinnle dho. Bheannuígheadar dá chéile agus bhíodar ag cainnt ar feadh tamaill.
    Dúbhairt an ministir leis an sagart gur bí sin an obair a bhíonn lé déanamh ag an gcat gach aon oidhche agus ná feadfhadh aoinne d'iachall a chuir ar an coineall a scaoíle uaidh. Do leig an sagart luch amach as a poca agus ruith an cat ar a deícheall indiaidh na luiche. Annsan dúbhairt an sagart "gur treise dúchas ná oileamhaint". Lé na linn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0217: The Cat and the Candle
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    Baile na nGall, Co. Kerry
    Informant
    Anrí Gloszar
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    67