Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a chuadar isteach chuir an seana chailleach na failte geala rómpa. "Is sibh atá uaim chun aimsire" air sí "is fanaidh go bhfaghaidh sibh búr gcuid bídh beirbithe anois". D'imthig si amach. Chuaidh ceann des na garsúin san phota a bhí taobh leis. Thóg sé an clúdach den bpota agus cad a chídhfead sé acht cos duine is lámh duine. Thainig crith ortha. Dúbradar gur b'sin an fheóil a thabarfad sí dóibh féin acht go ndéarfaidís nár mhaith leó aon fheóil. Tháinig sí isteach is dúbairt sí leó cad a mhaith leó le nithe. Níl faic ar siad acht arán is bainne. Thug sí dóibh é is bhiodar a ithe go dtí go raibh sé ithe aca. Chuir sí amach ag obair air an ngort iad i naonfacht leis an mbuachaill go dtí go raibh an oidhche tuitthe. Tháingeadar isteach annsan is bhí sí ag tabhairt feóil(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann