Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 001
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- LeighiseannaIs mó saghas léighis a bhí aige sna seandaoine agus na seana mhná a bhí fadó ann. Ní ghéillfead chuid de sna daoine atá ann chuige dóibh sin anois mar an nídhe a théigheann i bhfaid téigheann sé i bhfuaire.Tinneas fiacaileCeann fraig a chur id' bhéal agus trí sgréach a bhaint aisti. Deirtear go dtabharfadh sé leigheas air ar feadh seacht mbliadhna.Súile tinne"Súile dearga agus éad" dhá nídhe nár leigheasadh riamh."Craobh odhbharFáinne óir nú giní óir nú rud éigin go bhfuil mianach óir ann a chimilt do'n súil air feadh naoi mhaidean air céalacan.Uisge ag rith ar do shúileGal de'n phípe a leigeant isteach chúicí nú té dubh searbh baineann sé an t-uisge.DóghadhDo theanga do chimilt trí uaire do airc luachra agus bheadh leigheas air.(leanann ar an chéad leathanach eile)