Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tamall fada ó shoin bhí fear ó bhaile an Fhéirtéirig á chur amach as a chuid talmhan tuisg nár dhíol sé an cíos. Aimsir an Land League a b’eadh é. Do bhí na daoine curtha suas gan aoinne a léigeant as a gchuid talmhan. Bhí an sagart ar a d’taobh. D’iarr sé ar na daoine chur na gcoinnibh agus go gcabhróchadh sé féin leó. Bhí captain eile ar an Land League air a nglaodhtaí captain Máirtín. Bhí sé seo leis ar a thaobh gan an cíos a dhíol. Bhí sé seo fé thiagharnaí Shasana. Do tháinig an lá gur tháinig na báillí agus na gárdaí. Ní raibh fear ó Cheann Sléibhe go Baile na hAbha na(leanann ar an chéad leathanach eile)