School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a chuadar isteach chuir an seana chailleach na failte geala rómpa. "Is sibh atá uaim chun aimsire" air sí "is fanaidh go bhfaghaidh sibh búr gcuid bídh beirbithe anois". D'imthig si amach. Chuaidh ceann des na garsúin san phota a bhí taobh leis. Thóg sé an clúdach den bpota agus cad a chídhfead sé acht cos duine is lámh duine. Thainig crith ortha. Dúbradar gur b'sin an fheóil a thabarfad sí dóibh féin acht go ndéarfaidís nár mhaith leó aon fheóil. Tháinig sí isteach is dúbairt sí leó cad a mhaith leó le nithe. Níl faic ar siad acht arán is bainne. Thug sí dóibh é is bhiodar a ithe go dtí go raibh sé ithe aca. Chuir sí amach ag obair air an ngort iad i naonfacht leis an mbuachaill go dtí go raibh an oidhche tuitthe. Tháingeadar isteach annsan is bhí sí ag tabhairt feóil(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Ó Ceárna
- Gender
- Male