Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 025
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scealta crábhaidh. Bhí fear ann fadó. Bhíodh sé dul ag déanamh Néibhíona san t-sáipéal gach lá. Bhí sé lán do chrampí. Bhí íomháig i dtaobh an t-sáiléil agus chuige sin a bhíodh sé á dhéanamh. Sé an chiall go raibh sé 'á dhéanamh ná chuin na gcrampí a leigheas.
Lá amháin tháinig sé chun an t-sáipéil agus dubhairt leis an íomháigh "Tá fios aige Dia mar a mbeidh na crampí imhthighe as domsa amáireach tiocfhad agus déanfhad smidríní duit le buile don maide seo im dhorn."
Bhí an sagart ag éisteacht leis, istig i mbosca na faosdaine. D'eirig sé nuair a d'imhthig an fear agus thóg sé an t-íomhaig agus chuir sé ceannín beag in a ionad. Tháing an fear air maidin. D'feach sé air an bpictiúir.Bhí ionghnadh agus alltacht air(leanann ar an chéad leathanach eile)