Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchas i dtaobh na h-aimsire:Faoileáin:
Nuair a thagann na mílte de fhaoileáin na stop ar an dtráig bháin seo, bhíonn aimsir bhreágh air. Nuair a eitligheann siad agus nuair a théighean siad ins na páirceanna bíonn droch a(i)msir ortha.Cearca:
Nuair a bhíonn na cearca dá bprioca féin go díograsach, bhíonn báisteach ortha. An Siobháinín:
Bíonn droch-aimsir uirthi seo nuair a bhíonn sí ag sgréachaid agus ag amhrán go géar.An Fiadhach Mara:
Bíonn gaoth chruaidh ar seo nuair a éirigheann sé ag eitilt go h-árd san spéir.An Briadheal:
Bíonn aimsir bhreágh air nuair a bhíonn sé agus a dhá sgiathán leathta amach aige agus é ag feachaint i gcoinnibh na greine.An Roileág:
Nuair a sgréachann sí seo bíonn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Ceárn
- Inscne
- Fireann