Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 110
- XML “Na Goirt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Poinnte an Ghoba. Sé an chiall gur tugadh an ainm seo air ná go bhfhuil sé ag gobadh amach san bhfarraige.
Gort na gcearc. Tuisg talamh breágh bog a bheith ann, bhíodh a mbíodh do chearca ar an mbaile bailighthe istig ann.
An Gort bán. Bhí sgoil agus sáipéal aige sna Bánaig annso. Thugadaís biadh dos na leanbhaí bochtha ag iarraidh iad a mhealladh, acht mo léir nuair a bhog an saoghal thugadar droim láimhe leis.
Rinn Chaisleáin. Bhí caisleán aige Piaras annso. Is innthe atá an reilig indiu.
An Leaca. Tá sí seo na seasamh fíorsgeóbhach agus tá sé chómh sleamhain le gloine.
Cúlóg an Mhaoir. Maor caoireach a bhí ann(leanann ar an chéad leathanach eile)