Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 185
- XML “Cailleacha”
- XML “Cailleacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dheín san mac ba mhó ná san an deabhadh do dheín an mháthair agus do bhí sí ag baile chómh luat leis an mac.
Nuair a tháinigh sí abhaile bhi buille agus saothar uirthi. Dúbhairt sí ná raibh a leithéid d'eagla riamh uirthi mar go raibh bean mór ghroide ag siúbhal roimpe amach.
Dúbhairt duine éigint leí gur bé a sgáth féin a bhí ann. Tá sé i mbeal na ndaoine ó shoin.
"Cailleach Bhaile Thaidg ag rith lé na sgáth". - Bhí seana bhean fadó ann.
Do bhí sí naoí chead bliadhain.
Do bhí a lúth a cos imigthe uaithe.
Do thagad morán uaisle ag feachaint uirthi.
Uair amháin do tháinig sagart ag feachaint uirti.
Do bhí ana ionga air toisg í bheith chómh críona(leanann ar an chéad leathanach eile)