Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 147
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Arán buidhe. Sé an t-slige a deinidís arán fadó. D'faigidís rud stáin go mbíod deantúis an oigin air. Chuiridís min ann is d'fhliuichaidís í. Chuiridís ag bácáil in ghriodal é go mbíodh seastán thíos fé. Bhíod trí cosa fésin go dtugaidís "braind" air. Cistí mine is bainne a bhíodh aca.
Steaimpí. Dheinidís an steaimpí le prátaí. D'faighidís bosca stáin is doscailí[dís] é is chuiridís puill ann le tairne. Ceangluídís le hadhmad é agus bhíodh sé na ghráta annsan. Bhídís ag scríobadh na bprátaí air nó go mbíodh boscaoid lán aca. Annsan chuiridís isteach in éadac na prátaí. Bhíod beirt bha[n] dá fhásgad go dtí go mbíod sé brúighte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Tom Ó Cearna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58