Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 085

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 085

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 085
  3. XML “Scéal Fathaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí bean agus fear na chómhnuidhe fadó i dtigín beag i dtaobh sléibhe. Bhí beirt inghean aca agus bhíodar thar bárr le na gcuid deiseacht. Bhí a leicin de dhath an róis is a bhfolt de dhath an óir bhuidhe, is a snódh de dath an ealla. Bhíodar múinnte, béasach deagh-iomprach.
    Fuair a máthair bás is gan iad ró chríonadh. Do phós a n-athair bean eile. Bhí leas mháthair ano[is] aca. Do bhíodh ana fhormad aici leó agus bhíodh sí in éad is in aosantas de síor leó. Chun sgéal gearra a déanamh do, bhí inghea[n] aige an leas mháthair. Ní fhéadfadh an cat feachaint ar a deiseacht. Ba dhual máthar dí a bheith ag gabháil agus ag síorthroid leis na caillíni. Ní fághadh na caillíni
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge