Scoil: Cloonacool (uimhir rolla 4802)
- Suíomh:
- Cluain na Cúile, Co. Shligigh
- Múinteoir: Seán Ó Blioscáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(C) Tamall beag ón sgoil seo tá baile ar a dtugtar "Ragoora" - níl aon mhíniú as muinntir na h-áite ar an ainm sin fiú amháin ní féidir le h-aoinne aca Buille-Fá thuairim a thabhairt ar cérd ba shiotar leis an anim sin a chur ar an mbaile. An "Rath Guaire" atá againn? Is docha nach h-eadh mar ní raibh baint ar bith le Guaire leis an taobh so tíre.
(D) Cúpla míle ón sgoil atá baile "Frenchford" - na daoine a chomhnuigheas(?) ann deirid gurab é is fath leis an ainm ná go dtainig na Franncaigh an bealach sin agus gur chuireadar futha go ceann tamaill ag an ath ar a breit(?) an t-ainm anois. Ach ní réidhtighains(?) an mhíniú sin le stair mar ní ar an mbothar sin fán tsleibh a chuaidh Hubert agus a chuid fear ach ar an mbothar mór ceithre míle ón áit.