Scoil: Cloonacool (uimhir rolla 4802)
- Suíomh:
- Cluain na Cúile, Co. Shligigh
- Múinteoir: Seán Ó Blioscáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- NOTAÍ GENERALTAAINMNEACA ÁITEACH:-
Ar gnéithe na tíre, nó ar na crainntibh atá nó a bhí ag fás ann atá furmór na n-ainmneach bunuighthe agus níl aon tsuim fá leith ag baint leis an gcuid is mó aca. Níl ach dhá ceann go bhfuil baint aca le stair:-Cnoc an Aifrinn agus Cill CuiminMaidir leis an gcéad ceann díob so ó charraig atá san áit h-ainmigead é - carraig a bhíodh mar altóir ag na sagairt i n-aimsir na ndlighe-pheannaideac. San gceann eile bhí mainistir ag manaigh de ord Naoimh Phroinnsias ann. Ní féidir a radh go beacht céirb' é an Cuimin atá i gceist. Níl aon fhaisnéis in a thaoibh le fágháil i gcainnt na ndaoine nó sna leabraibh. Deir an Doctúir Oir. Ó Ruairc a sgríobh stair an chondae seo gur ab é Naomh Caoimhighin fein a bhunuigh an mainistir ach níl aon rud le radh air chun an tuairim sin do chruthú - ní ann ach buille-fá-tuairim.
(B) Tá baile in aice le Cnoc an Aifrinn ar a dtugtar "Ballinagrath" - 'Bail na Greach' bféidir agus baint air le aimsir na gcreach agus na dtaínte ach más amlaidh tá níl aon sgéal le h-innsint ag na sean - ndaoiní(?) na thaobh ná aon bharamhail ata don fháth ar a dtugadh an t-ainm sin ar an áit.
(C) In aice le Baile na gCreach tá baile gurabh ainm do "Chluain Cath" - Is docha gur tugadh cath eicint ann fad ó ach má tugadh níl pioc eolais le fágháil anois nó taobh(leanann ar an chéad leathanach eile)