Scoil: Cloonacool (uimhir rolla 4802)

Suíomh:
Cluain na Cúile, Co. Shligigh
Múinteoir:
Seán Ó Blioscáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0171, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0171, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloonacool
  2. XML Leathanach 099
  3. XML “Muckelty Hill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a iomchur deich mhíle agus é cur in a luighe ar bárr Cnoc na Sidhe? Bhí an rí ag smaoineadh agus ag smaoineadh ach theip glan air teacht ar sheift. I ndeireadh na dála nuair a bhí doimhin i mí-dhóchas thainig congnamh cúige. Bean sidheóg áluinn a dubhairt leis go raibh aithne aici ar fhathach óg agus muna mbéadh dul amú mór uirri go bféadfadh an laoch sin an obair a dhéanamh. Cuireadh fios ar an bhfathach. Thainig. Bhreathnuigh ar an gcnoc mor. Dubairt nár fhéad sé féin ná aon fhathach eile é a iomchur deich gcinn de mhiltibh. Thuit an lug ar an lag ar an rí ar chloisint sin dó agus bhí diombáidh nár bheag ar an gcailín. Thug an laoch an méid sin fá dear agus chuir aguisín leis an mbreith a bhí tugtha aige. Dá mbéidis sásta an cnoc a roinnt i dtrí codacha d’féachfadh sé leis an obair a dhéanamh i dtrí turasanna. Siad a bhí sásta. Rinneadh trí codacha den chnoch. Ceangladh téad mór láidir tar cheann aca agus le duadh mór cuireadh ar mhuin an fhathaigh é. Siúd chun siubhail é i dtreó Cnuic na Sidhe, an rí ag mairseáil go h-uaibhreach le na thaoibh agus na céadta de na daoinibh beaga ag sodar in a dhiaidh. Chuaidh sé ar aghaidh go breagh ar dtús ach do réir a chéile mhothuigh sé an t-ualach mór ag goilleamhaint air. Rud eile bhí an téad ag gearradh isteach sa meall i gcaoi is nach raibh sé comh cruinn neáta is bhí. Bhí sé ag sliobarnaigh leis an talamh agus d’orduigh an fhathach do na sidheogaib iarracht a dhéanamh le é a choimeád suas beagainín. Rinneadar amhlaidh agus thug sin faoiseamh don laoch. Ach mar sin féin bh fada leis go dtagadh Cnoc na Sidhe i radhairc. Is air
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge