School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt daoine ag dul le chéile i Ros tuairim is cúig céad bliadhain ó shoin. Fear óg agus bean óg a bhí ionnta. Bhíodar ag dul le chéile ar feadh ceithre bliadhan, agus phós an fear cailín eile agus fuair a cailín a bhí sé ag dul in-aoinfheacht leis bás le briseadh croidhe. Oidhche amháin nuair a bhí sé ag dul abhaile, rinne sé aith-ghiorra tré choill atá i Ros. Tháinig an cailín air rug sí ar a dhá chois agus tharraing sí é tríd an gcoill. Bhí sé ag breith ar croinnte móra agus bhí sé ghá dtarraingt as an talamh. Annsin rug sé ar sgeich ghil, agus tharraing as an talamh é agus d'fhág sé annsin é. Fritheadh é lá ar na bhárach, d'innis sé an sgéal agus fuair sé bás. Tháinic an dochtúir agus dubhairt sé go raibh a lámha as áit. Tháinic daoine as tíortha eile ag breathnughadh ar an áit.
- Informant
- Peadar Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe