School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 322

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 322

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 322
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Bhí cailín ann aon uair amháin agus nuair a bhí sí sé bliadhna d'aois cailleadh a mháthair. Ní raibh aon teach aca, acht bhíodh a máthair ag obair nuair a bhí sí beo agus annsin bhíodh an cailín in-a comnuidhe léithe. An lá seo fuair an cailín beag í féin in-a seasamh ag doras teampaill, chuaidh sí isteach agus d'fhan sí annsin ar feadh na h-oidhche. Ar maidin nuair a dhúisigh sí bhí ocras mhór uirthí agus dubhairt sí "Mamaí" agus nuair nach bhfuair sí aon freagra thosuigh sí ag caoineadh. D'imthigh sí amach as an teampaill agus ghlaodh bean uirthí a bhí ar an taobh eile de'n bhóthar. Dubhairt sí léithí litir a chur sa bpost dí agus thug sí sgilling do'n [!] nuair a bhí sí ag imtheacht.
    Shíl an cailín bocht annsin go raibh léithí go deo agus dubhairt sí léithí féin go bhfuigheadh sí cáca air. Cheannuigh sí cáca ar réal agus d'ith sí píosa dhó. Chodhladh sí an oidhche sin i gcro eicínt. Bhí sí ag imtheacht léithí an lá in-a dhiaidh sin agus fuair sí bosca toitíní ar an mbóthar. Thóg sí é agus d'osgail sí é agus fuair sí litir istigh ann. Ní raibh fhios aici céard a bhí ins an litir agus thug sí an litir do'n gárda. D'iarr an gárda cé'n t-ainm a bhí uirthí agus dubhairt sí "Máire" "céard eile" adubhairt sé agus dubhairt sí níl fhios agam. Annsin chonnaic an gárda bean ag teacht aníos agus dubhairt sí leis, cháill mé bosca agus bhí litir ann i n-a raibh cúig céad puint. Seo adubhairt sí leis an gcailín agus thug sí 'chuile phighinn de'n airgead de. ní faoi an t-airgead a bhí an imhnidhe orm acht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Dominic Ó Fáodhagáin
    Gender
    Male
    Age
    44
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Chéibh, Co. na Gaillimhe