Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 205
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear agus bean ann fadó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)air codladh ar an gcathaoir. Dubhair [!] an fear siubhal go raibh sé sásta.
Nuair a bhíodar gaibthe a codhladh chuir an bean an lampa as agus d'imthigh sí amach agus dhún an doras in a ndiaidh. Annsin chuaidh an fear siubhal amach agus chuaidh sé siar sa chruaich féir agus shuidh sé síos dó féin. Bhí fear eile ag iarraidh déanamh mór léithe agus bhí an bheirt aca ag rádh go marbhóchadh siad an sean fhear. Shíl siad go raibh an fear siubhal istigh i gcómhnaidhe sa teach agus d'abróchadh siad leis na gárdaí gurbh' é an fear siubhal a mharbhuigh é.
Mharbhuigheadar é. Bhí cóta mór ar an bhfear a bhí mór leis an mnaoi agus gheárr an fear siubhal píosa amach as agus chuir sé in a phóca é. Maidin laé ar na bhárach d'imthigh an fear siubhal leis annsin. Bhí sé píosa maith imthighthe nuair a fuair triúr gárdaí suas leis agus cárr leób is thógadar an fear.
Sul a ndeacaidh sé isteach sa chárr dubhairt sé go gcaithfeadh siad teacht go dtí an spota sin leis arís agus gheall siad go dtiocfadh. Nuair a chuaidh sé go dtí an bearraic bhí go leór fear seasta uilig le céile. Dubhairt an fear siubhal leis na gárdaí feuchaint an bhfeilfeadh an píosa bhí aige cóta duine ar bith a bhí ann. D'féach siad agus ceart go leor d'feil. D'innis an sean-fhear a sgéal annsin agus bhí sé saor.
Táinig an cárr arais leis go dtí an spota in ar thóig siad é. D'imthigh sé leis annsin go dtáinig siad go dtí an t-aithghiorra. Bhí dhá mhíle(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe