Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanafarachán | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

lth 166
An Chaoi a fuair an Sean Tinncéar a Bhean
Bhí sé lá amháin ar an aonach agus chonnaic sé bean ar an tsráid."Seadh " ar seisean leis féin "is rí dheas abn bhean í sin, ba mhaith liom go mbeadh sí agam"
Lá ar na bhárach chómh luath agus d'éirigh sé , ghléas sé é féin agus d'imigh leis ag tóraidheacht tighe na mná seo.An chéad theach a tháinig sé isteach ann sin é an áit a raibh sí.
Bhí sí ag dul ar fuaid a' tigh ag feisteadh an tigh nuair a tháinig sé isteach." Bail ó Dhia ort" ar seisean "An mbeiththeá sásta mé a phósadh"."Beidh " ar sise "ach aon rud amháin caithfidh tú airgead an phósta d'íoc."
"Tá sin sáthach ceart" a deir se.Rinneas an margadh agus pósadh an bheirt agus tháinig siad abhaile.Agus sin é an chaoi a bhfuair sé a bhean nuair nach raibh aon duine istigh ag breathnú air.
Seán Ó Cúinín, Sgoil Seanafearacháin

(gan teideal)

Céard iad na trí súilí is géire amuigh

Céard iad na trí súilí is géire amuigh Freagra: Súil fiolar i mbeann,súil gadhair i ngleann agus súil óigbhean in diaidh a stórach.
Céard iad na trí rudaí is fuaire amuigh. Freagra :Srón mhadaidh, tón caillighe agus deór aille.
Céard iad na trí droch nósa .Freagra: Ag ól a' g(h)loine, ag caitheamh a phíopa 's ag siubhal na drúchta le com na hoidhche
Máirtín Ó Coidhin, Seanafearachan

Bailitheoir
Máirtín Ó Coidhin
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge