School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 207
  3. XML “Poll Tí Lábáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Poll Tighe Lábán.
    Fadó nuair a bhí cúig rí ar Éirinn bhí a rí fhéin ar chuile chúig. An dlighe a bhí sa chúige seo, chuile fhear a phósfadh go gcaithfeadh sé beirt bhan a phósadh. Bhí fear ann agus bhí sé ag iarraidh imtheacht gan bean ar bith a phósadh nuair a bhí an bheirt bhan le pósadh.
    Lá amháin tháinig an rí agus a chuid fear chuige agus dubhairt siad leis go gcaithfeadh sé pósadh. Dubhairt sé go raibh sé sásta acht an bheirt bhan a fhágail dhó. Bhí siad ag imtheacht leo go raibh deamhan agus deireadh an lae ag tigheacht agus is í an sórt mná a fuair siad dhó bean bheag bheag. Agus sé an sprí a fuair sé leis an mnaoi bhig bó bheag beag.
    Faoi cheann sgathaimh tháinig an rí agus a chuid fear aríst agus dubhairt siad leis go gcaithfeadh sé bean eile a phósadh. Dubhairt sé go raibh sé sásta acth í d'fhághail dhó. Bhí siad ag imtheacht leó go raibh deamhan agus deireadh an lae ag tigheacht agus sí an sórt mná a fuair siad dhó bean mhór mhór agus sé an sprí a fuair sé léithe bó mhór mhór
    Faoi cheann bliadhna bhí mac beag ag an mnaoi bhig agus mac mór ag an mnaoi móir. Bhí an mac mór ag méadúghadh gach lá agus ní raibh an mac beag ag déanamh aon corr ar bith. Annsin bualadh an t-athair go dona agus rinne sé udhacht. D'fág sé an feilm agus a a [!] raibh aige ag an mac mór agus níor fhág sé ag an mac beag ná ag an mháthair acht an bhó bheag 's aige féin, seomra
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Seoighe
    Other names
    Seán Seoighe
    Tomás Seoighe
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Seán Seoighe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe