Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 109
- XML “Fear na mBréag agus Fear na Fírinne”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nach naithnigheann tú mé, a driotháirín dhíl?” “Aithnuighim do glór acht nó sí do cholann.” D'fiafruigh sé de cén chaoi a bhfuair sé amharc á shúl arais. D'innis firín na fírinne dhó. “Bain na súili asamsa agus caith sa gcill mé arsa firín na mbréag. Bhain sé na súili as agus chaith sé sa gcill é. Timcheall meadhon-oidhche tháinig na cait. D'aduigh siad teine agus thosuigh an seanchas mar a thosuigh an oidhche roimhe. “Innis sgéal a shomh, innis sgéal a mhemh, innis sgéal a rí na gcat arsa an bhannrioghan. “D'innseóchainn féin sgéal ars an pisín glas acht bhí duine eigín ag éisteacht aréir. Tá inghin an ríogh leigheasta agus firín na fírinne. Tóraigh an choill ars an bhannrioghan sluagh faoi talamh agus sluagh ós cionn talaimh. Fuair siad firín na mbréag agus stróic siad óna chéile é. Sin é cruthuighadh gur chinn an fhírinne ar an mbréag.
- Sé an duine é an t-éadach.
Tuigeann fear léighinn leath-fhocal.
An té nach bhfuil láidir, ní fuláir dó bheith glic.
Éist le fuaim na habhann agus gheobhair breac.
Is mairg nach ndéanann duine machtnamh maith sul a ndéanfaidh sé rud ar bith nach féidir a leigheas.
Is fearr an t-ádh ná eirighe go moch.
Is fearr grádh ná faitchios.
Nuair is cruaidh do'n chaillighe, caithfidh sí rith.- Bailitheoir
- Máirtín Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe