Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 228

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 228
  3. XML “An Fear agus na Ciseáin”
  4. XML “An Chéad Mhanach a Bhí in Éirinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aicí dhó an oidhche sin agus bhí agus chruinnigh siad isteach annsin agus bhí an féasta aca.
    Dubhairt an bhean annsin go gcaithfeadh gach duine sa teach amrán a rádh agus dubhairt no go dtáinig sí go dtí a fear féin. Dubhairt sí leis amhrán a rádh faoi an gcaptaoin a chuir amach san uisge é "agus" ar sise "má dhéanann sé corrughadh le do mharbhú caithfidh mise le hurchar é." Dubhairt agus shil an captaoin corrughadh le'n a mharbhughadh acht chaith an bhean urchar agus marbhuigh sí é. Fuair sí go leor airgid as é a mharbhú agus bhíodar saidhbhir sáthach uaidh sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Chéad Manach A Bhí in Éirinn.
    Nuair a bhí Naomh Pádhraic ag dul ar a thriall ar fud na hÉireann tháinig sé go dtí áit eadar Tuaim is Áth Cinn agus bhí an baile sin an bhocht. Dubhairt sé leis na daoinibh agus é ag imtheacht nach fada a bheadh siad bocht. Dubhairt se leo go gcuirfeadh sé bó i gcóir bainne acht dubhairt sé leo gan aon soitheach acht soitheach mór leathan a thabhairt le'n a bleaghan.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Glas Ghoibhneann (~76)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac an Ríogh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Seoighe
    Ainmneacha eile
    Tomás Seoighe
    Tomás Sheáin Mhóir Seoighe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57