Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 194

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 194

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 194
  3. XML “Taidhg agus an Sagart”
  4. XML “Fionn Mac Cumhaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad act níor fhill siad an turas seó. Tháinig an sagart anuas annsin agus ar éigin a bhí Taidhg indán a léine baineadh dhó a chuir air. Annsin dubhairt an sagart le Taidhg gur maith í an fhírinne "Chruthuigh an fhírinne agus an bhréig go rí-mhaith dhúinn" arsa Taidhg "nuair nac bfuair siad tú" Ó arsa an sagart "Is cuma sin ní maith le Dia na bréaga" D'fan an sagart an oidhche sin agus chuir siad an tsean-bhean. Thug siad buidheachas do Dhia faoi chomh maith a chabhruigh sé leó agus d'imthigh an sagart do shiubhal oidhche lá ar na bhárac.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fionn Mac Cumhall.
    Bhí Fionn Mac Cumhall agus deichneabhar fear ar fhicid de na Fianna amuigh lá ag fiadhach. Bíodar ag imtheacht rómpa i nDún na nGall go dtáinig siad go gleann Neithe. Bhíodar ag imtheacht leo go raibh deamhan agus deireadh an lae ag teacht agus chonnaic siad solus i bhfad uatha. "Anois" ars Fionn leis na Fianna "Caithfimid tarraingt ar an solus go bhfeicimid bhfuil aon duine ann".
    Nuair a tháinig siad 'na tighe ní raibh 'na gcómhuidhe [!] ann acht sean fhear agus fear óg is cailín D'failtigh siad rómpa agus dubhairt leo suidhe. Annsin d'iarr
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Seoighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Seoighe
    Ainmneacha eile
    Tomás Seoighe
    Tomás Sheáin Mhóir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe