Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gaduidhe Dubh Ó DubhainBhí fear agus bean ann fadó agus bhí triúr mac aca. Cailleadh an bhean agus chuir an fear na triur mac amach ar oileán. Annsin phós an fear bean eile. Bhíodh sean bhean aige a bíodh ag cumhdach cearc - cailleach na gcearc a tugtaoi uirthi. Lá amháin bhí an bhean óg ag dul thar cró na gcearc “muise go mbrisidh an diabhal do mhuineál” arsa cailleach na gcearc “nuair rachaidh tú annsin arís.” Bhí iongnadh mór ar an mnaoi óig faoi seo. Nuair chuaidh sí isteach ag a teach d'fiafruigh an cailín a bhí sa teach do'n mnaoi céard dubhairt an chailleach leáth. D'innis an bhean sin dí. “Anois” ars an cailín “teirigh amach agus fiafruigh dí cén fáth gur dubhairt sí sin.” Chuaidh an bhean amach agus d'fiafruigh sí dí cén fáth a dubhairt sí an easgaine sin léithe. “Tá” arsa cailleach na gcearc “bhí an fear sin pósta cheana agus tá triúr mac leis amuigh ar oileán agus níl aon chaoi le iad a thabhairt as na leigint ort féin go bhfuil tú tinn. “Marbhuigh coilleach” ar sise “agusus nuair beas do fhear ag teacht luigh ar an leabaidh agus leig ort féin go bhfuil tú tinn. Nuair a dhearcfas sé ort abair go bhfuil tú ag cur fola do chroidhe amach ar do bhéal agus ól blogam de'n fhuil i ngan fhios dó agus caith amach aríst é. Annsin ceapfaidh sé go bhfuil tú ag cur fola do chroidhe amach as do bhéal. Fiafróchaidh sé duit an rachaidh sé ar thóir an dochtúra agus abair leis gan a dhul nach ndéanfaidh aon rud aon mhaith dhuit acht na triúr mac atá amuigh ar oileán a thabhairt agus dubhairt an bhean go ndéanfadh sí sin. Bhí go maith agus ní raibh go holc. Tháinig an fear agus rinne an bhean mar a dubhairt an chailleach léithe d'ól sí blogaim as an bhfuil agus dubhairt sí go raibh sí ag cur fola a croidhe amach as a béal. Annsin dubhairt an fear go rachadh sé ar thóir an dochtúra acht dubhairt an bhean leis gan dul, nach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín O Choidhin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cadhain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe