Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 247
  3. XML “Fear na Stocaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ‘na chómhnaidhe i nDuithche Sheoigheach uair amháin agus bhíodh a mháthair go minic ag déanamh stocaí. Thárla nach raibh aon díol ar na stocaí sa tír seo an uair údán agus b’éigin dul dul go Longphurt d’á ndíol. D’imthigh leis agus dhíol sé na stocaí is fuair deich fichead ar gach péire aca (bhí stocaí an daor an uair sin) agus bhí sé ag tigheacht leis abhaile go sóghach sásta.
    Nuair a tháinig deireadh an lae ní raibh áit ar bith aige le dul i chodhladh acht fé dheireadh thiar thall chuaidh sé isteach i sean sgioból. Rinne sé sopachán dhó féin agus bhí ar tighe dul a chodhladh nuair chualaidh sé torann lasmuigh. D’eist sé agus níorbh fhada go dtáinig isteach chuige beirt fhear. Gaduithe a bhí ionnta ag tigheacht leis na beithidhigh a ghoid. “Bhearimís an bulán breac” arsa duine aca. “Ní headh, a dhiabhail adeir an fear eile tugaimís an ceann eile”. Acht chun dá fhocal a chur in aon fhocal amáin b’é an bulán breac a thug siad chun bhealaigh.
    “Bhail” adeir an Seoighach, nuair a bhí siad bailighte “Tá sé chómh maith agamsa maide a ghearradh freisin”. Faitchíos a bhí air go gcuirfí an gadaidheacht in a leith agus d’imthigh sé leis. Bhí sé ag imtheacht leis acht fairíor ní raibh teach nó árus le feiceál uaidh. Ar deireadh chonnaic sé solus ag bun na spéire agus tharraing sé air. Cé bheadh ánn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0327: The Children and the Ogre
    AT1115: Attempted Murder with Hatchet
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac An Ríogh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Choidhin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Dúleitir, Co. Mhaigh Eo