Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 181

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 181

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 181
  3. XML “An Eascú”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Eascú
    Bhí fear agus bean fadó ann agus bhí siad an t-saidhbhir agus bhí daoiní ag tigheacht isteach chuca ag iarraidh déirce. Ní thiubharfadh an bhean aon déirc dóibh acht bhíodh an fear ag tabhairt dóibh i gcómhnuidhe. Bhí mac aca agus sé'n t-ainm a bhí air Micheál. Cailleadh an fear annsin agus sé an sórt lá a bhí siad d'á chur lá an dian-fhliuch. Cailleadh an bhean agus sé an sórt lá a bhíodar d'á cur lá an bhreágh.
    Lá annsin dubhairt Micheál leis féin go bhfuigheadh sí [!] amach tuige a cuireadh a athair lá fliuch agus a mháthair lá breágh. D'imthigh sé leis agus chuaidh sé go dtí teach gréasuighthe agus bhí triúr gréasuidhe ann. D'fiafruigheadh dó cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh fhághail amach tuige a cuiread an mháthair lá maith agus an t-athair droch lá.
    Dubhairt na gréasuithe annsin leis feachaint an bhfuigheadh sé amach tuige a raibh siad féin ag obair ó mhaidin Dia Luain go dtí oidhche Dia Sathairn agus nach raibh siad ag bailiú aon airgid. Dubhairt sé annsin go bhfuigheadh sé amach é dá bhféudfadh sé. Dubhairt siad leis go ngabhfadh sé treasna abhann agus go mbeadh eascon ann roimhe agus go marbhóchadh sé é.
    Rinneadar coinneall agus dubhradar leis nuair a bheadh sé ag dul treasna na habhann é a chaitheamh in a béal agus go n-imtheóchadh sí. Nuair a chuaidh sé go dtí an abhann annsin chonnaic sé an eascú. Bhí sí ar tí breith air acht chaith sé an choinneal in a béal agus chuaidh sé treasna.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Antoine Seóighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe