Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 245
- XML “An Gearrán Bán”
- XML “An Gabha agus an Fathach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá Sorcha sa seimhiú rang. Chualaidh sí an sgéal seo ó Mháire Bean Uí Bhriain 80 bliain. Sgríobhadh an sgéal seo ar an 31-X-’36.
- Oidhche amháin bhí an gabha ag obair an mhall sa ceardchan nuair d’airigh sé rud éigin ag tigheacht. Tháinig sé isteach chuige sa gceardchan agus séard a bhí ann fathach. Dubhairt an fathach leis an bhfear go marbhóchadh sé é. D’iarr an fear air gan é do mharbhú is go bhfágfhadh sé a phíopa sa cheárdchan agus go gcuirfeadh sé a inghean ar a thóir nuair a rachfadh sé abhaile.
Dubhairt an fathach go raibh sé sásta agus d’imthigh an fear leis abhaile agus chómh luath is chuaidh sé abhaile dubhairt sé leis an inghean go ndeárna sé dearmad ar a phíopa. Bhí uirthí dul píosa mór agus bhí an oidhche an dubh.
D’imthigh sí léithe agus d’imthigh nó gur casadh fear léithe. D’iarr sé díthe cá raibh sí ag dul agus d’innis sí dhó (é). sgéal. “Fan annsin thusa” a deir sé leithe “agus gabhfaidh mise ar an thóir dhuit” “Fanfaidh mé” a deir an cailín. D’fan sí agus d’imthigh leis an bhfear. Chuaidh sé isteach san gceárdchan. Bhí an fathach in a shuidhe go deas dhó féin sa gceardchan. Bhí claidheamh ag an bhfear seo in a phóca agus ní dhearna sé acht breith ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Seán Mac An Ríogh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)