Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 244
- XML “An Gearrán Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san oidhche agus in a ghiorrán sa ló.
Annsin maidin lae na bhárach d’eirigh agus d’imthigh sé leis an giorrán agus fuair an cailín a breicfeasta. Le linn í a bheith ag ithe tháinig an cailín aníos aríst. “O is docha nach bhfuil de chómhluadar agamsa acht tusa a chaitín” ar sise “agus mara bhfuil féin beidh tú liom”. Thug sí cead dó a sháit d’ithe nó go raibh sé sáthach. Annsin fuair sí an eochair agus d’oscail sí an seomra. Ní fhaca sí ann acht daoiní marbha agus fuil.
Nuair a bhí sí d’á dhúnadh sgiorr a cois (agus) sa bhfuil agus chuaidh sí go nighfeadh sí é acht chinn sé uirthí. Acht ligh an cat í agus bhí sí chómh glan is bhí ariamh. Annsin tráthnóna tháinig an giorrán bán. Dubhairt sé leí gur ise an bhean a b’fearr d’á bhfuair sé go dtí sin. “Tá mise is mo mháthair fé draoidheacht adeir sé leis an oiread seo bliadhain. Sin í mo mháthair, an cat sin sa gclúid agus chinn sé orm duine a fhághail a bhreathnóchadh ‘na diaidh go dtí anois. Seo iad do bheirt dríshiuir agus leigfidh mé abhaile anois iad.”
Annsin d’imthigh an draoidheacht dó agus bhí sé in a fear breagh slachtmhar é féin agus a mháthair. Leig sé an bheirt drishiúir abhaile agus choinghbhigh sé an drishiúir eile. An bhród a bhí uirthí ag fanacht agus tháinig grádh agus meas uirthí dhó is bhíodar saidhbhir sáthach uaidh sin amach.Sorcha Seoighe (12 ½ blianta)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80