Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an gclaidheamh agus an fathach do mharbhú.
Fuaidh an fear aríst go dtí an gearr-chaile arais agus d’imthigh siad leo go bhfaca siad solus i bhfad uatha. “Imthighimís linn go dtéighimid go dtí an solus sin” ars an fear. D’imthigh leó agus d’imthigh leo go dtáinic siad go dtí an solus seo. Istigh i dteach beag a bhí an solus agus bhí an teach seo go suarach taobh istigh.
D’feistigh siad béile dóibh féin agus nuair a bhí siad réidh fuair siad araon áit le codhladh dóibh féin. Chuaidh gach duine aca a chodhladh dhó féin. Phós siad in a dhiaidh sin agus bhíodar ann bhocht acht nár tháinig trí ba taobh amuigh do’n doras lá amháin le’n a mbleaghan. Bligh siad na ba agus uaidh sin amach thiocfadh na ba seo maidin agus tráthnóna len a mbleaghan.
Annsin lá amháin tháinig siad agus trí laoghtha leó. Rinneadh sgioból do na gamhnaibh agus bhí neart bhainne le thubhairt doibh. Annsin thosuigh na gamhna ag borradh is ag fás agus níorbh bhfada go raibh tréada beithidheach ag an mbeirt nua phósta is bhíodar saidhbhir sáthach ón lá sin amach.
Eibhlín Breathnach
Togha na Lín.Ní raibh an sgéal sé le fághail in a iomlán agus bhí orm féin crioch a chur leis. 31-X-36.
Seán Mac an Ríogh.- Bailitheoir
- Eibhlín Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Seán Mac An Ríogh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)