Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 183
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhnaoi leithe fhéin go rachadh sí ar lorg an earraigh a bhí [a]g taisteal. Chuir sí uirthi a chídeog agus fuair sí baiscead [u]ibheacha agus doisín stocai. Ar siubhal leithe go tiugh téighreamach [i]s bhí in a cramha ag tharraingt ar an t-siopa. Sal mar [s]roich sí an siopa thoisigh sé ag cuir sneachta aríst. agus ní [r]abh i bhfadh gur thoisigh an doineann. Rinne sí a ghnoite [s]an t-siopa. Fuair sí a cuid earraigh agus arais leithe i n'áit [n]a mbonn ag tarraingt na bhaile. Ní rabh sí i bhfad ar [s]iubhal ón t-siopa go rabh an sneachta da pluchadh agus [bh]í obair aicí i fhéin a choimhead ins an sneachta. Bhí [te]ach beag i Mín a Deoraigh agus thairraing sí ar an [dte]ach sin. Bhí fear in a chomhnuidhe leis fhéin ins an teach [a]g coimhead eallach san Gheimreadh. Bhí an bhean ag dreim le [f]aoiseadh sal ma dtigeadh cuim na h-oidhche acht i n'áit [f]aoiseadh d'éirigh sé níos measa agus níos measa. D'iarr [a]n fear uirthi bainnt faosthe go maidin acht ní rabh gar [a]nn. Bhí an bhean ag smaointigh ar na tachrain beaga a [d]'fhág sí sa bhaile. Amach leithe i mbeul an t-siobtha agus [s]uas leithe ag tarraingt ar chnoc an locha. Chuaidh sí as [a]mharc an fhir nuair a bhí sí cupla troich ón dorais [a]gus sin an t-amharc deireannach a bhfuair sé ariamh [b?]eo uirthi. Ar lá thar na bharrach d'éirigh fear Mín a Deoraigh acht ní rabh scolb no stialladh de'n mnaoi. Anonn san lá chonnaic se bac le fear ag teacht trasna cnoc an locha agus iad mar bheadh siad ag cuartughadh rud [é]igin. Tharraing sé ortha agus d'innis sé dobhtha nach bhfuair sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Éagartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Aodhachain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Bruíonacha, Co. Dhún na nGall