Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 150
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí peadlóir ann aon uair amháin agus rinne sé briongloid go rabh croc óir ar mhullach "Cnoc na Máthaire" ins an Bhaile Bheag. Bhí an peadlóir seo in a chomhnuidhe ar an t-Sráth Bán agus chuir sé litir na bhaile chuig an Bhaile Bheag ag innse fan ór agus an áit a rabh sé. Dubhairt sé fosta gur chóir do na daoine an talamh a romhair san oidhche agus an t-ór a fhágha[il.]
Chruinnigh cuid mhór fir oidhche amháin agus thoisigh siad ag romhair an talaimh. Romhair siad leobhtha go dtáinig siad fhad le leac mhór. Shíl siad go rabh an t-ór faoithe agus bhí iongantas mhór ortha, acht annsin cuireadh iad faoi gheasaibh agus ní rabh siad abalta romhair níos fuide.
Chuaidh siad na bhaile leis an smaointigh go mbéadh siad abalta an leac a thógailt agus an t-ór a fhághail ar maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin chuaidh siad go dtí an áit aríst acht nuair a d'amhar[c] siad bhí an poll línte isteach arais.
Shíl na daoine annsin go rabh an talamh faoi gheasaibh agus ní dheachaidh duine ar bith ag cuartughadh an óir ón lá sin go dtí an lá indiu.- Bailitheoir
- Máíre Ní Éagartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Bruíonacha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padruig Mac Phaidin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Allt an Iarainn, Co. Dhún na nGall