Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 267
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luibheanna Tá léar cíneal luibheanna ag fás ins an am i lathar. Tá luibh ag fás a dtugtar an ghairleog air, agus gnidheann sé maith mhór do'n talamh, agus fosta tá an luibh seo iongantach maith fá choinne biseach a dheanadh de'n tslagdan. Tá luibh eile ag fás ins na lochannaí a dtugtar an bachrann air agus bruitheann na daoine é agus ólann siad an sugh i Mí na Márta fá choinne maith a dhéanamh do ar sláinte i rith na bliadhna. Fasann an luistearnach fríd na préataí agus plúchann sé na préataí uilig, agus ní bhíonn tú ábalta iad a bhaint nó iad a ithe mar go mbíonn droch bhlas ortha. I bhfad ó shoin ba ghnathach leis na daoine dath a dheanadh fá choinne éadach amach as luibh a dtugtar an crotal air. Tá luibh eile ag fás a bhfuil ceiteal an gharraidh mar ainm air, agus tá léar duilleogaí air, agus fosta tá bolamh deas as. Tá ceann eile ag fás a dtugtar an lubh air agus ghnidheann sé dochar do'n talamh. Bíonn an lubh seo ag fás i ndroch talamh, agus má itheann gabhar as bith é geibhenn sé bás.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Méadhbha Nic Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall