Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 214
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sméara dubha agus mar sin de. Ins an Gheimhreadh bíonn spórt mór ag na gasraí ag imirt chárdaí. Bíonn cuid de na buachaillí agus nuair a gheibh siad nead ar bith ní leigeann siad a dhath ortha féin leis na buachaillí eile agus nuair a thig na h-éanacha beaga amach bheireann siad iad leobhtha na bhaile. Tá cuid de na páistí agus nuair a gheibh siad bréagáin bíonn siad briste aca ar an bhomaite.
- Bréagáin agus caitheamh aimsire.Tá mórán caitheamh aimsire ag páistí na h-áite seo. Sé an caitheamh aimsire is fearr leis na buachaillí thart fá’n áit seo, na a bhéith ag imirt liathroid, nó ag cur gaistí ar na h-éanacha, agus ar shiubhal indiaidh coiníní. Sé an caitheamh is fearr liom féin, na a bheith ag imirt liathroid nó ar shiubhal indiaidh coiníní. Tá án dúil agam a bheith ar shiubhal indiaidh coiníní gach Domhnach le mo mhadadh, nó ag dolltrachta ortha. Sé an caitheamh aimsire is fearr leis na gasraí beaga, na a bheith ag fághail sean chláraí agus ag rith thart ag déanamh gluaistean díobh, nó ag déanamh bádaí stáin, agus a gcur amach ar an uisge. Bíonn na cailíní ag deanamh babogaí beag agus ag déanamh cultaca dóibh agus bíonn siad ag déanamh toighte beaga fá na gcoinne. Ins an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cathal Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall