Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbíonn aicaideacha agus pianta ortha.
- Toibreacha beannuithe.
Tá tobar an Dúin i bParaiste an Tearmain, agus sin an tobar amháin a bhíonn muinntir na h-áite seo chuige, bheireann siad leo cuid do’n uisge ‘na’ bhaile. Nuair a theigheann tú fhad leis caithfidh tú rud ar bith a bhfuil dúil agat féin a fhaghail ann agus annsin turas a dhéanamh thart fá dtáoibh dó. Caithfidh tú do bhróga agus do stocaí a bhaint díoc agus cuid dó’n uisge a ól sul a ghní tú an turas. Tá siopa ag an tobar agus díolann sé gach aon rud naomhtha. Bíonn cuid mhór daoine ann agus thig leat a ghabhail fhad leis lá ar bith a bhfuil [dúil] agat. Deir siad go bhfuil laetheann a thig le bacaigh a ghabhail fad leis an tobar sin. Is le Aodh Ó Frighil an phairc a bhfuil sé ann. Sé an t-Athair Ó Frighil a fuair an tobar agus an t-Athair Ó Gallcobhair a coisrigh é. Duine ar bith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peigí Nic Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall