Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Filí an Bhaile”
  4. XML “Filí an Bhaile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear darbh ainm Ruadhrí Ó Ghallchobhair i nDoire Chasain ag bá é a bhí maith ag sgéaluidheacht agus ag déanamh filidheachta de gach seórt. Bá gabha a bhí ann. Rugadh é ins an bhliadhain 1705 agus fuair sé bás ins an bhliadhain 1788 agus cuireadh é i Roilig Charraig Áirt.
    Bá file maith eile a bhí i Seamus Mac Fhionnghaile as Cnoc na Marbh agus bá feirmeoir dó b'eadh é. Rugadh é ins an bliadhain 1721 agus fuair sé bás ins an bliadhain 1799 agus cuireadh é i Roilig Mhaodhbhaigh.
    Bhí fear eile darbh ainm Conchubhair Mac Giolla Bhríghde as Baile an tSléibhthe agus bhí sé maith ag déanamh fildheacht. Bá feirmeoireacht an slige beatha a bhí aige. Rugadh é ins an bliadhain 1701 agus fuair sé bás ins an bhliadhain 1761.
    Bhí seanduine ina comhnuidhe faoi carraig i nDoire Casain darbh ainm Seanín Riclín agus bhí sé ag gabhail thart a cruinniughadh déirce agus bhí sé iongantach maith ag déanamh filidheacht. Fuair sé bás ins an bliadhain 1729.
    Bhí file eile in Árdbán darbh ainm Donnochadh Mac Giolla Bhrighde agus rinne sé amhrán deas darbh ainm Ráice na hÉireann. Bá iasgaire a bhí in Donnochadh. Rugadh é ins an bliadhain 1709 agus fuair sé bás an 1773.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Padraic Ó Gallchobhair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall