Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá an fear sin 70 bliadhain dó aois. Fuair sé an scéal seo na uncal. Fuaras an scéal sin ins an bliadhain 1816.
- Tá cuid mhór boithre sa'n áit seo le cúig nó sé bliadhna anois. Tá bothar gach áit (?) anois, óir tá siad ag deanadh bothar úir gach lá agus ag cur doigh ar bhoithre nach rabh ró mhaith. Ná boithre a bhí ag na daoine i bhfad ó shoin níl siad le feiceail anois mar go bhfuil féár glas ag fás ortha. Íbfad ó shoin ní rabh boithre ar bith ag teacht ó na Dúnaibh go dtí an áit seo. Ní rabh ann acht casan fá choinne asal a theacht anuas, acht dó réir a chéile rinneadh bóthar maith ann. Ins an am a lathair tá cupla bóthar ag teacht go dtí an áit seo. Na daoine a bhí ann i bhfad ó shoin nuair a bhíodh siad ag gabhail go Craoslach is é siar an Tráig Mhór a théigheadh siad le na gcuid muc agus capall mar nach rabh bealach ar bith eile aca le ghabhail. Nuair a bhíodh siad ag gabhail go Baile na nGalloglach as an áit seo, bhíodh siad ar shiubhal i lár na h-oidhche mar go rabh aca le siubhal treasna na gcnoc. Tá bothar maith ag teacht anuas ó Charraic Áirt agus ag gabhail thart chois na fairrge ar an taobh eile de'n cnoc agus ag teacht thart go dtí na Dúnaibh, agus tá sé ag gabhail isteach sa'n céile araist idir na Dúnaibh as Carraic Áirt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Domhnall Ó Brodlaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó hOireachtaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall