Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 224
- XML “Bóithre an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mórán bóithre ins an ceanntar seo, agus tá siad ag síneadh gach treó. Tá bothar ag gabhail ó Dhumhaigh go Baile na nGalloglach, agus go Craoslach. Tá bealach mór eile ag gabhail ó Dhumhaigh go Corrach, agus ó sin thart go dtí an Mheall Mhór no go dtí Cluan Tallach. Tá bóthar eile ag gabhail go dtí na bothain Rosapeanna, agus go dtí an t-oileann. Tá mórán sean bhóithre ins an ceanntar fosta acht cóirigheadh an chuid is mó aca le cúpla bliadhain. Tá sean bhealach ag gabhail ó Rosapenna go Craoslach agus gnidheann na daoine úsaid mhór dó go foill. Tá bealach eile ag gabhail ó Dhoire Chasain Bheag go hÁrd Bán uachtarach agus ó shin go dtí an Machaire Bhig. Tá bealach eile ag gabhail ó Dhoire Chasain Beag go Cnoc na Marbh, agus ó sin go dtí Cluan Tallach. Gnidheann na daoine usaid de na bealaigh mhóra seo go fóill mar go bhfuil aithgiorra mhor ionnta. Bhí sean bhothar ag gabhail as an áit seo go Tearmann fríd na cnuic agus ó sin go dtí Craoslach. Ibhfad ó shoin nuair nach rabh bealaigh móra ar bith sa'n tír b'éigeann dó na daoine siubhal leobhtha fríd na cnuic ag cuartughadh sean chasain le siubhal ortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cathal Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Giolla Bhrighde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall