Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “Áitainmneacha”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an cránnóg ar ariamh ó shóin. An Garradh domhain. Ba é an fáth ar báisteadh sin ar mar go rabh claidhe árd thart air agus bhí an garradh síos domhain. Na Carraiceacha dubha. Ba é an fáth ar baisteadh sin ar mar go rabh beinn árd ann agus thug an fháirrge agus luigh na slatacha mara ar na carraigeacha agus tháinig dath dubh ortha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tomhaiseanna
    Dhá chloigeann déag ina luighe i leabaidh agus gan aon nduine aca ar an bhalla nó ar an codladh Freagra= Róth túirne
    H-íce píce ar agaidh an toighe agus h-íce píce ar thóin an toighe. Ma bhaineann tusa do híce píce bainfidh híce píce duit. Freagra= Cúl Fáithche
    Chuaidh mé suas an bothár, agus tháinig mé anuas an bothar, agus thug mé liom an bothar ar mo dhroim. Freagra= dréimire.
    Tá gearrán beag asanta[?] bosanda[?] ann siubhalann sé Éireann agus ní fhliuchfadh sé bonn Freagra = An ghrian
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Sorcha Níc Laithbheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Dumhaigh, Co. Dhún na nGall