Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 173
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Daoine Cáileamhla.Bhí fear na comhnuidhe i nDóire Chasáin a thug léim deich slata ar fad, agus is iomdha duine a thug iarraidh an léim sin a dhéanamh, acht ní rabh siad ábalta. [sna]? fir a bhí ag cóimhéad air sé Domhnall Mac Laithbheartaigh, Séamus Ó Gallchobhair, Séamus Mac Laithbheartaigh, agus Pádraig Ó Luadhóg an t-ainm a bhí ar an fhear sin sé Seán Ó Oireachtaigh, Dóire Chásain, na Dúnaibh. Fósta an Domhnach na dhiaidh sin chruinnigh mhór. Ba é Domhnall Mac Laithbheartaigh, agus Pádraig Ó Luadhóg an bheirt a ba fhuide a bhí ábalta an chloch a chaitheadh. Bhí na fir eile ag tabhairt iarraidh an chloch a chaitheadh fhad leobhtha. Fa dheireadh tháinig Seán Ó Oireachtaigh ar aghaidh agus thóg sé a chloch, chaith sé i, agus chuir sé í dhá shláit tháire gach duine. Is iomdha duine na dhiaidh sin a thug iarraidh an chloch a chaitheadh fhad leis acht ní rabh sé ábalta. Bhí Séamus Ó Gallchobhair nuair a bhí sé óg ábalta breith ar ghiarrfhiadh, agus bhéadh sé abalta siubhail go Carraic Áirt agus arais i leath uaire. Bhí Niall Mac Ghiolla Cheara iongantach láidir fósta, acht an fear a ba láidre fa Dhoire an Chasáin sá’n(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheal Mac Laithbeartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sean Ó hOireachtaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall